Product Description
Anáil na beatha curtha sa tSean-Ghaeilge
Saothar úrnua a d’eascair as seansaothar ón naoú haois, Comrac Liadaine ocus Cuirithir, is ea Liadain, seanscéal a bhfuil anáil na beatha curtha ann ag an bhfile Ailbhe Ní Ghearbhuigh. I gcruth pictiúrleabhair i gcomhar leis an ealaíontóir Corcaíoch Chrissie Dervin a thagann an saothar seo chugainn.
Banfhile na meánaoise á aithris dúinn ag banfhile ár linne féin.
Saothar suaithinseach agus ócáid liteartha ar leith is ea Liadain, saothar a chuireann inár láthair scéal bhanfhile na meánaoise agus é á aithris dúinn ag banfhile mór ár linne féin.
Ciarraíoch í Ailbhe Ní Ghearbhuigh. D’fhoilsigh Coiscéim a céad chnuasach filíochta, Péacadh, in 2008 agus Tost agus Allagar in 2016, leabhar a ghnóthaigh Duais Uí hAirtnéide in 2019. Bronnadh Duais Lawrence O’Shaughnessy uirthi in 2020.
Clúdach crua, foilsithe ag Lebhar Breac i 2026.
Euro
British Pound