Product Description
Eagrán nua (2021) don leabhar Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain ina bhfuil ealaíon nua leis an ealaíontóir Árannach Seán Ó Flaithearta. Clúdach bog.
Ó bhás go críoch, ní críoch ach athfhás, a deir an t-amhrán, agus nach rábach agus nach fiáin an t-athfhás a tháinig ar charachtair an úrscéil seo. Mar níl suaimhneas síoraí ná suaimhneas de chineál ar bith i ndán do na mairbh sa reilig anaithnid seo arb é suíomh an scéil seo é, ach chuile aighneas, chuile easaontas, chuile chnámh spairne beo a bhí ag cur as do na mairbh nuair a bhí siad os cionn talúna, iad te bruite á dtarraingt anuas aríst agus aríst eile. Agus níl duine ar bith is fearr chuige seo ná Caitríona Pháidín, príomhcharachtar an leabhair, bean atá in árach a deirfíre Neil le blianta fada agus atá ar bís go gcloise sí trácht ar uachta deirfiúr eile léi, Baba, atá i Meiriceá. Gan trácht ar an gcrois de ghlaschloich an Oileáin atá geallta a bheith tógtha os a cionn. Cinnte, tá na mairbh ag caint aríst ach an bhfuil aon duine ag éisteacht? Is críonna a té a
Máirtín Ó Cadhain
Ar an gCnocán Glas taobh thiar den Spidéal i gContae na Gaillimhe a rugadh Máirtín Ó Cadhain i 1906.
Oileadh ina mhúinteoir náisiúnta é ach briseadh as a phost é i Scoil Náisiúnta an Chairn Mhóir nuair nach dtabharfadh sé geallúint nach mbeadh aon bhaint aige feasta le poblachtánachas. Chaith sé blianta an Dara Cogadh Domhanda i gcampa géibhinn i gCurrach Chill Dara. Phós sé Máirín Ní Rodaigh i 1945. Chaith
sé tamall míshuaimhneach ina státseirbhíseach nó gur ceapadh é mar léachtóir le Nua-Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide i 1956. Bhásaigh sé sa bhliain 1970.
Mórán chuile fhocal dá bhfuil ó Bhearna na Gaillimhe go Carna pacáilte i mbéil ochtair nó naonúir.
This is the original Cré na Cille in Irish.
A new edition of the original text of Máirtín Ó Cadhain's classic novel Cré na Cille featuring new illustrations by the Inis Mór arist Seán Ó Flaithearta.
The story unfolds almost entirely in dialogue as the newly dead arrive in the graveyard, bringing news of recent local happenings to those already confined in their coffins. Avalanches of gossip, back-biting, flirting, feuds, and scandal-mongering ensue, while the absurdity of human nature becomes ever clearer.
A perfect synthesis of style and subject.
– The Guardian
Among the best books to come out of Ireland in the 20th century.
– The Independent
Euro
British Pound