Product Description
Is fear óg é Cormac Mac Guidhir atá tiomanta go hiomlán do bhaint amach an díoltais as a bhfuil déanta ag na baincéirí ar a athair. Scrios, cliseadh meabhrach, dúnadh gnólachta agus an-chuid dochair eile atá mar thoradh ar chaimiléireacht lucht an airgeadais. Ach ní mhaithfear an feall dóibh. Íocfar as ar bhealach nach bhféadfadh na hairgeadóirí a shamhlú riamh – bealach nach bhféadfadh Cormac féin a shamhlú, go deimhin.
Snátha as a chéile á dtrasnú féin go sciliúil ealaíonta i dtáipéis dhraíochtúil an scéil íogair seo. Scéal atá go hiomlán ar an sprioc maidir le cúrsaí na linne seo. Scéal diamhair, scéal eachtraíochta, scéal fealsúnachta. Saothar atá eisceachtúil ar an uile bhealach! Ní hiontas é gur bronnadh an gradam liteartha ‘Buaic-Shaothar Próis na Bliana’ air ag Oireachtas 2019.
“Beireann an leabhar seo ar an léitheoir ón tús agus gluaiseann an reacaireacht le luas. Tá an scéal féin an-tráthúil sna ceisteanna a dúisítear… Tá an charachtracht an-mhaith, go háirithe Johnny agus Dekó, agus tá súil ghéar ghrinn an scríbhneora le feiceáil go minic sna mionsonraí. Tá an chríoch breá diamhair freisin, agus bheinn ag súil le ‘Máchail 11’.”
Award-winning novel by Ré Ó Laighléis, published in 2020. Winner of the Oireachtas na Gaeilge Best Prose Prize in 2019. Cormac Mac Guidhir is a young man who is consumed with an all-encompassing obsession to get revenge on the bankers for everything that they did to his father. Devastation and mental breakdown are just some of the terrible consequences for his father as a result of the dishonesty of the bankers. Their deceit will not be forgiven. They will pay for it in a way that the financiers could not imagine, in a way that even Cormac could not imagine. This intricately woven story is grounded in contemporary Irish life and its recent history. A dark and action-filled story with depth.
BRAND NEW COPY
Euro
British Pound