Product Description
An Líon a Bhailíonn Gach Iasc: 200 lch; clúdach bog; 9781913814922, foilsithe 2026.
Cnuasach aistí ar shaothar an fhile Michael Hartnett.
Fiche bliain i ndiaidh do Michael Hartnett an saol seo a fhágaint, deineadh comóradh air agus ar a shaothar Gaeilge le linn na comhdhála, ‘An Líon a Bhailíonn Gach Iasc: Saol, Saothar agus Oidhreacht Michael Hartnett’ a reáchtáladh i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Tharraing an teideal ar fhocail Hartnett in Adharca Broic (1978), ag fógairt go raibh fáilte á cur roimh ábhar ilghnéitheach agus roimh phlé critice ilchineálach.
Léargas ó scoláirí agus óna chomhfhilí
Tá léargas úrnua anseo ó scoláirí agus saineolaithe ar ghnéithe de shaol agus de shaothar Hartnett. Tá cuntais spreagúla freisin óna chomhfhilí agus dánta ó fhilí comhaimseartha cheantar an fhile.
Tá aistí anseo le Mícheál Ó Siochrú, Stephen Newman, Mairéad Conneely, Sorcha de Brún, Pádraig de Paor, Tomás L. Ó Murchú, Shane Grant, agus Róisín Ní Ghairbhí
Is iad Stephen Newman, Róisín Ní Ghairbhí, agus Tony Ó Floinn na heagarthóirí.
Euro
British Pound